Athruithe ar
rátaí tís i dTuaisceart Éireann – Cén dóigh a rachaidh siad i bhfeidhm ortsa?
Intreoir
Tá athruithe ar
siúl i gcóras na rátaí tís i dTuaisceart Éireann. Insíonn an bhileog seo duit cad chuige a bhfuil na
hathruithe seo ar siúl agus mar a rachaidh siad i bhfeidhm ort más íocóir rátaí
thú. Cuirfear na hathruithe seo i bhfeidhm ó Aibreán 2007 i leith agus, le
cuidiú leat ullmhú chuige sin, tabharfaimid a thuilleadh eolais sna míonna atá
romhainn.
Cad chuige a
bhfuil an córas ag athrú?
Tá an doigh reatha
le do chuid rátaí a oibriú amach bunaithe ar an mhéid a chosnódh sé do bhaile a
fháil ar cíos 30 bliain ó shin. Tá an méid a íocann tú ar rátaí i gcomparáid le
daoine eile bunaithe ar luach cíosa do thí i gcomparáid le luach cíosa tithe eile.
Mar thoradh ar athruithe sa chóras eacnamaíochta le 30 bliain anuas tá roinnt
teaghlach ag íoc sciar níos mó agus roinnt eile ag íoc sciar níos lú ná mar ba
chóir. Creidimid nach bhfuil cothrom na Féinne ann sin agus gur rud é ar gá a
athrú.
Cad é atá ag
athrú?
Tá dhá athrú mhóra
i gceist.
Cad is luach
caipitile ann?
Is é is luach
caipitile ann ná an méid a n-íocfaí ar son do thí ar an mhargadh oscailte ar 1
Eanáir 2005. Táimid ag úsáid an dáta sin lena chinntiú go bhfuil na luachanna
uile leanúnach. Agus muid ag measúnú an luacha, úsáidimid eolas ar phraghsanna
tithe a díoladh i do chomharsanacht. Tá bearta eile againn leis na luachanna
caipitile a choinneáil cothrom; mar shampla, measaimid go bhfuil cistin agus
seomra folctha den chaighdeán chéanna dá n-aois, don chineál tí atá i gceist
agus dá shuíomh.
An gciallaíonn athluacháil agus an bogadh ó luach cíosa go luach caipitile go n-ardófar mo bhille rátaí?
Ní gá go gciallaíonn.
Déanfaidh athluacháil dliteanas ráta a athdháileadh ar dhóigh a chuireann le luachanna caipitile ar 1
Eanáir 2005. Mar sin de, má tá do theachsa i gceantar ina raibh luachanna cíosa
go hard 30 bliain ó shin,a ch go bhfuil luachanna caipitile anois faoin mhean,
b’fhéidir go mbeadh ísliú i gceist i gcomparáid le daoine eile. Os a choinne
sin, má bhí luach íseal cíosa ar do theach 30 bliain ó shin ach go bhfuil sé i
gceantar ina bhfuil luach na dtithe go hard faoi láthair, d’fhéadfaí do rátaí a
ardú.
Mar thoradh ar an
bhogadh ó luach cíosa go luach caipitile beidh laghdú sa ráta cumasctha sa
phunt a úsáideadh le do bhille rátaí a oibriú amach. Mar sin de, cé go
n-iolraímid gach punt de luach cíosa faoi, ar an mheán, 350p le do bhille rátaí
a oibriú amach, iolrófar do luach úr caipitile faoi, ar an mheán, beagán os
cionn 1/2p.
Má ardaítear mo
rátaí mar gheall ar an athluacháil, an mbeidh cuidiú ar fáil?
Le linn na gcéad
trí bliana is de réir a chéile a thabharfaimid isteach na méaduithe dóibh siúd
ar mó a dtéann na hathruithe i bhfeidhm orthu (tugtar faoiseamh
idirthréimhseach air seo). Beidh daoine atá ar ioncam íseal in ann leanúint de
Leas Tithíochta a éileamh le hiomlán nó le cuid den bhille rátaí a chlúdach.
Beidh scéim úr ann fosta ar a dtabharfar ‘scéim fhaoiseamh rátaí’ do dhaoine a
bhfuil a n-ioncam beagán os cionn limistéir reatha an Leasa Tithíochta. Beidh a
thuilleadh eolais faoi fhaoiseamh idirthréimhseach agus faoin scéim úr
fhaoiseamh rátaí ar fáil níos moille sa bhliain.
Cá huair a bheidh
a fhios agam cá mhéad a bheidh le híoc agam?
Gheobhaidh tú amach
in Aibreán 2007 cá mhéad a bheidh le híoc agat. Le linn Iúil agus Lúnasa 2006,
áfach, cuirfimid litir fhógra chugat, a inseoidh duit na nithe seo a leanas:
Foilseoimid fosta
luach caipitile gach áit chónaithe i dTuaisceart Éireann ar ár suíomh idirlín i
ndiaidh dúinn na litreacha fógra a chur. Cuideoidh sé seo leat luach caipitile
do bhaile féin a chur i gcomparáid le bailte atá cosúil leis i do cheantarsa.
Má bhíonn
ceisteanna ar bith agat nuair a fhaigheann tú do litir fhógra is féidir glaoch
ar ár gcabhairlíne shaor in aisce (tabharfaimid an uimhir duit leis an litir
fhógra). Má shíleann tú go bhfuil an luach contráilte caipitile tugtha againn
don teach s’agat, is féidir iarraidh orainn é a athbhreithniú (athbhreithniú
neamhfhoirmiúil atá i gceist).
Ó Aibreán 2007 i
leith, íocfaidh gach teaghlach táille dhíreach ar son a soláthar uisce. Beidh ort fosta, táille ar
leith a íoc má tá tú ceangailte don chóras phoiblí séarachais.
Beidh na táillí úra
in dhá chuid – táille sheasta agus táille inathraithe. beidh an táille
inathraithe ag brath ar luach caipitile do thí.
Tabharfar táillí
uisce agus séarachais isteach thar thréimhse trí bliana, mar sin de, íocfaidh
tú trian den táille iomlán sa chéad bhliain.
Gheobhaidh tú a
thuilleadh eolais faoi tháillí uisce agus séarachais, ar a
n-áirítear an cuidiú a bheidh ar fáil más ar
ioncam íseal atá tú. Idir an dá linn, áfach, d’fhéadfaí cuairt a thabhairt ar www.waterreformni.gov.uk.
Ní gá duit rud ar
bith a dhéanamh anois – is ar mhaithe le heolas amháin atá an bhileog seo.
Tabharfaimid a thuilleadh mionsonraí duit, an dóigh le teagmháil a dhéanamh
lenár gcabhairlíne san áireamh, nuair a chuirfimid amach do litir fhógra.
Foilseoimid níos mó eolais faoi thionchar na hathluachála sna nuachtáin áitiúla
sna seachtainí atá romhainn.
Má tá an t-eolas
seo uait i dteanga nó i bhformáid dhifriúil, scríobh chuig:
Valuation and Lands
Agency
Customer Services
3rd
Floor,
Queen’s Court,
56-66 Upper Queen
Street,
Belfast
BT1 6FD